Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós d'aon déithe eile,
Nihimiá 9:13 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái, Agus labhair tú leo ó na flaithis. Thug tú dóibh treoracha córa, Dlíthe cinnte, Reachtanna agus aitheanta maithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tháinic tú a núas mar an gcéadna ar slíabh Sínai, agus do labhair tú ríu ó neamh, agus thug tú breitheamhnuis cheartha dhóibh, agus dligheadh fire, reachta agus aitheanta maithe: |
Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós d'aon déithe eile,
ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
dúirt seisean leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Lá saoire iomlán an lá amárach, sabóid naofa don Tiarna. Bácálaigí a bhfuil le bácáil, beirigí a bhfuil le beiriú, agus a mbeidh fágtha, cuirigí i leataobh é go dtí amárach.’ ”
agus bídís ullamh i gcomhair an tríú lá. Óir ar an tríú lá tiocfaidh an Tiarna anuas ar Shliabh Shíonái os comhair an phobail go léir.
Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair é seo le clann Iosrael: Chonaic sibh féin gur labhair mé libh ó neamh.
Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas, ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,
Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo, agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.
Tá Dia ag teacht as Téamán, agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah Folaíonn a mhaorgacht na spéartha agus líontar an talamh dá ghlóir.
Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta.
Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil?
Lig sé duit a ghuth a chlos ó neamh do do theagasc; lig sé duit a thine mhór a fheiceáil ar talamh, agus ó chroí na tine chuala tú a bhriathar.
Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?