Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
Nihimiá 4:15 - An Bíobla Naofa 1981 Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a nuáir do chúaladar an namhuid go bhfúaramairne scéula, agus go ttug Dia a ccomhairlesion a neimhni, gur fhilleamar uile ar an mballa, gach aon dinn ar a chuid oibre féin. |
Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.
Ansin dúirt mé leis an bpobal: “Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.”
Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim,
Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.
Is é dála duine é a d'fhág a theach agus a d'imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t‑údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d'ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.
bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna.
agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana.