Nihimiá 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil IV. Na Híuduighe go duthrachdach ag deanamh obair leath‐laimhe, 17 agus an lamh oile ag conghmhail arm. 1 Acht tárla, a nuáir do chúalaidh Sanballat gur chuireamar an balla súas, do bhí fearg air, agus do ghabh athmháoltas mor é, agus do bhí ag magadh air na Iuduighibh. 2 Agus do labhair a lathair a dhearbhráithreach agus shluáigh Shamaria, agus a dubhairt, Cred é so do níd na Iúduighe éagcruáidhsi? a ndéanuid daingion dóibh féin? a ndéanuid íodhbuirt? an ccríochnochuid a náonló? a naithbhéobhuid na clocha as na cárnuibh dearga atá loisge? 3 Anois do bhi Tobiah an Tammoníteach na aice, agus a dubhairt sé, An sáothar sin noch do chuireadar súas, má théid sionnach súas, brisfidh sé amh síos a mballa cloiche. 4 Cluin so, ó ar Ndíane; óir atámaóid fá tharcuisne: agus iompóigh a masla ar a cceann féin, agus tabhair na ccreich íad a ttír ná daóirsine: 5 Agus na ceil a néaigceart, agus ná scriostar amach a bpeacadh as tfiadhnuisisi: óir do bhrostuigheadar chum feirge thu a lathair an luchd oibre. 6 Marsin do chuireamar an balla súas; agus do cheangladh an balla uile dhá chéile go nuige a leath: óir do bhí fonn oibre air na daóinibh. 7 ¶ Acht tárla, a núair do chúaluidh Sanballat, agus Tobiah, agus na Harábianuigh, agus na Hammonitigh, agus na Hasdoditigh, gur cuireadh balla Ierusalem súas, agus go rabhadar na béarnadha ar tí bheith druite, annsin do bhí fearg mhór orra, 8 Agus do choimhíadhadar uile re chéile do theacht súas, agus do throid a naghuidh Ierusalem, agus a nobair sin do thoirmiosg. 9 Ar a shonsin do rinneamairne ar nguidhe chum ar Ndé, agus do chuireamar faire re na naghaidh do ló agus doidhche, ar a neagla. 10 Agus a dúbhairt Iúdah, Do laguigheadh neart lucht iomchair na núalach, agus atá mórán tróthair ann; iondus nach bhféadmuid an balla do dhéanamh. 11 Agus a dúbhradar ar námhuid, Ní bhiáidh fios aca, agus ní fhaicfid síad, nó go ttigimne iona lár, agus go marbham íad, agus go ttugam ar a nobair cosc. 12 Agus tárla, a núair thangadar na Iúduighe do bhí láimh ríu na ccomhnuighe, go ndubhradar rinne deich nuáire, As an uile bhall as a niompochthaoi chuguinne béid síad ar bhur muin. 13 ¶ Ar a nadhbharsin do chuir misi ar an ccuid dob ísle táobh shíar don bhalla, agus ar an ccuid dob áirde fós, do chuir mé na daoine do réir a muinntear gun a ccloidhmhibh, gun a ngáethibh, agus gun a mbodhuighibh. 14 Agus dféach mé, agus déirigh mé súas, agus a dubhairt mé ris na huáislibh, agus ris na húachdaranuibh, agus ris an ccuid oile don phobal, Ná húamhnuighthear sibh rompa súd: cuimhnuighidh an TIGHEARNA, atá mór úathbhasach, agus troidigh ar son bhur ndearbhráithreach, bhur mac, agus bhur ninghean, bhur mban, agus bhur ttightheadh. 15 Agus tárla, a nuáir do chúaladar an namhuid go bhfúaramairne scéula, agus go ttug Dia a ccomhairlesion a neimhni, gur fhilleamar uile ar an mballa, gach aon dinn ar a chuid oibre féin. 16 Agus tárla ón nuáirsin amach, gur oibrigheadar leath mo sheirbhíseachsa annsa nobair, agus an leath oile dhíobh do chongmhadar na gáethe, na scíatha, agus na boghuighe, agus na lámh‐airm; agus do bhádar na húachtaráin táobh shíar uile do thigh Iúdah. 17 An lucht do oibrigh ar an mballa, agus lucht iomchair na núalach maille ris an lucht do chuireadh úaluighe súas, do níodh gach áon díobh obair leathláimhe, agus an leathlámh oile ag congmháil airm. 18 Arson na sáor, do bhíodh a chloidhéamh thair gach áonduine dhíobh air a thaobh, agus é marsin ag déanamh oibre, agus an té do bhúaileadh an stoc do bhí sé am fhochairse. 19 Agus a dúbhairt misi ris na huáislibh, agus ris na húachdaranuibh, agus ris an ccuid oile don phobal, As mór agus is leathan a nobair, agus atamaóid dealuighthe air an mballa, a bhfad ó chéile gach áon aguinn. 20 Ar a nadhbharsin gidh bé áit a ccluinfidhe fuáim an stuic, cruinnighidh annsin chuguinn: troidfidh ar Ndía air ar son. 21 Marsin do sháothruigheamar ánnsa nobair: agus leath dhíobh ag iomchar na ngáetheadh ó eirghe na maidne go faicsin na réultann. 22 Mar an ccéadna san namsin féin a dubhairt mé ris an bpobal, Luighidh gach áonduine gon a óglach a stigh ann Ierusalem, ar chor go mbéid na ngárda aguinn san noidhche, agus go noibrighid san ló. 23 Marsin níor chuir misi, no mó dhearbhráithre, nó mo sheirbhiseacha, nó muinntir an ghárda noch do lean misi, ar néaduighe dhínn, acht a nuáir do chuireadh gach áon de dhá nighe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society