Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m'ais.
Nihimiá 4:13 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: “Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Ar a nadhbharsin do chuir misi ar an ccuid dob ísle táobh shíar don bhalla, agus ar an ccuid dob áirde fós, do chuir mé na daoine do réir a muinntear gun a ccloidhmhibh, gun a ngáethibh, agus gun a mbodhuighibh. |
Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m'ais.
Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.”
Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach.
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.