Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 2:7 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt mé leis chomh maith: “Mura miste le do mhórgacht é, tugtar litreacha dom le haghaidh gobharnóirí an chúige thar Eofrataes, á rá leo ligean dom dul slán trína gcríocha go dtí Iúdá;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ós a chíonn sin fós a dubhairt mé ris an rígh, Más toil ris an rígh é, tugthar litreacha dhamhsa chum na núachtarán táobh thall dabhuinn, misi do chur slán thairis nó go ndeachaidh mé go Iúdah;

Féach an chaibidil



Nihimiá 2:7
6 Tagairtí Cros  

“Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,


Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t‑ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt,


Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.”


Cuireadh na treoracha a thug an rí in iúl d'fheidhmeannaigh an rí agus do ghobharnóirí an chúige thar Eofrataes, agus ansin thugadarsan cabhair don phobal agus do Theampall an Tiarna.


Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht.


Taobh leosan rinne Malaitiá ó Ghibeón, agus Iádón ó Mhaeronot deisiú, agus fir Ghibeón agus Mhizpeá ar son gobharnóirí an chúige thar Eofrataes.