Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 2:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 D'fhiafraigh an rí díom ansin - agus an bhanríon ina suí taobh leis: “Cá fhad a bhainfidh do thuras asat agus cathain a fhillfidh tú?” D'aontaigh an rí mé a chur ann agus d'inis mé dó cá fhad a bheinn as láthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a dubhairt an rígh riom, (an bhainríoghain fós na suidhe láimh ris), Créd é fad na haimsire bhías do thurus? agus cá huáir fhillfios tú? Marsin bá toil ris an rígh, mo chur ar siubhal; agus do rinne mé uáir chinnte ris.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:6
9 Tagairtí Cros  

A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.


Fad a bhí sé seo go léir ar siúl bhí mé féin as baile ó Iarúsailéim, mar sa dara bliain tríochad de réimeas Artaxarxaes rí na Bablóine chuaigh mé d'fhios an rí. Ach tar éis tamaill d'iarr mé cead imeacht air,


“Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin


agus dúirt mé leis á fhreagairt: “Mura miste leat é agus má tá lé ar bith agat liomsa, do sheirbhíseach, ba bhreá liom é dá gcuirfeá go dtí Iúdá mé chun na cathrach sin mar a bhfuil mo shinsir curtha, chun í a atógáil.”


Agus thairis sin, ón lá a ceapadh mé mar ghobharnóir orthu i dtír Iúdá, ón bhfichiú bliain de réimeas Artaxarxaes go dtí an dara bliain déag ar fhichid, níor chaith mé féin ná mo ghaolta arán an ghobharnóra.


Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.


Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa, beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama; deiseoidh siad na cathracha creachta agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.


Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí