Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 8:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Oír do bhí náire orum buidhe an sheighdiúr agus mharcshlúagh díarruigh air an rígh do chungnamh linn a naghaidh ná námhad annsa tslighe: do bhrígh gur labhramar ris an rígh, dhá rádh, Atá lámh ar Ndé chum maitheasa leis an mhéid íarrus é; acht bí a chumhacht agus a fhearg a naghaidh gach áoin dá ttréigionn é.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 8:22
24 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.


Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”


agus a ghnóthaigh domsa gnaoi an rí agus a chomhairleoirí agus feidhmeannach róchumhachtach an rí. Tháinig misneach orm féin mar go raibh gnaoi an Tiarna mo Dhia orm, agus chruinnigh mé ceannairí Iosrael le chéile le dul suas in éineacht liom.


ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.


mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa.


Ar an dara lá déag den chéad mhí d'fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.


Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht.


Bíonn dóchas droinge i gcarbaid agus dóchas droinge eile in eachra; cuirimidne, áfach, ár ndóchas in ainm an Tiarna, ár nDia.


Tiománfaidh an t‑olc an t‑éagráifeach chun a bháis, agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.


Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge; cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?


Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis, don duine a bhíonn á lorg.


Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.


Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n‑éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B'fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m'ábhar maíte.


Cibé mórtas a rinne mé asaibhse leis, níorbh aon chúis náire dom é, ach faoi mar nár labhair mé riamh libhse ach an fhírinne ghlan, an maíomh a rinne mé asaibh le Títeas tháinig sé isteach fíor chomh maith céanna.


Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.”


“Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: ‘Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna?


Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”


Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n‑impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí