Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad; agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.
Nahum 1:13 - An Bíobla Naofa 1981 Brisfidh mé díot anois an chuing a leag sé ort agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír anois brisfidh mé a chuing dhíot, agus brisfime do chuibhreach ó chéile. |
Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad; agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.
Sa lá sin, sleamhnóidh a ualach siúd de do ghualainn, agus tógfar a chuing de do mhuineál.” Tá sé ag déanamh anall orainn bealach Rimeon,
An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin, í a bhascadh ar mo shléibhte. Sleamhnóidh a cuing díbh, sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’
Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil, tá siad loiscthe, tá siad dóite le tine.
Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.
Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.” Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.
Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as talamh na hÉigipte d'fhonn nach mbeadh sibh in bhur ndaoir acu a thuilleadh. Bhris mé an chuing lenar ceanglaíodh sibh, agus d'fhág mé ag siúl ceannard sibh.