beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
Matha 9:32 - An Bíobla Naofa 1981 Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí siadsan ag imeacht, tugadh balbhán chuige a raibh deamhan ann. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus i ndiaidh dhul amach dóbhtha-san, féach, thug siad chuige duine balbh a raibh deamhan ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag imtheacht dóibh, féach, tugadh chuige balbhán ’n‐a raibh deamhan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chúadarsan a mach, féuch, tugadar duine balbh chuige ann a raibh deamhan. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine a bhí balbh, agus bhí deamhan ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann. |
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Bhí deamhan á chaitheamh amach aige - deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.