Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.
Matha 7:28 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chríochnaigh Íosa an chaint sin, bhí na sluaite ag déanamh iontais dá theagasc Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a bhí na briathra séo críochnuighthe ag Íosa, go raibh na sluaighte ag déanamh iongantais dá theagasc. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin críochnuighthe ag Íosa, go ndearna an sluagh iongnadh d’á theagasc: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, an tan do chríochnaigh Iósa na bríathrasa, gur ghabh úathbhas an pubal tré na theagasgsan: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc; |
Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.
Ansin, nuair a bhí deireadh na rialacha sin tugtha ag Íosa dá dháréag deisceabal, d'fhág sé an áit sin chun dul ag teagasc agus ag seanmóir ina gcathracha.
Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'fhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin.
thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.”
á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.
Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.
Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?
ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.
Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.
Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”
Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomhchlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáum.
Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”
D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”