Matha 7:23 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibhse a dhéanann an t‑olc!’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí mʼamharc, a lucht déanta an oilc.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus annsin admhóchaidh mé dóibh: Níor chuir mé aithne ariamh oraibh: Imthighigidh uaim, a lucht déanta na h-urchóide. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus annsin dearbhóchad‐sa dhóibh, Ní raibh aon aithne agam oraibh riamh: imthighidh uaim, a lucht déanta an uilc. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibh-se a dhéanann an t-olc!’ |
Ach d'fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.
Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’
Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’
Ach is mise an sáraoire, agus aithním mo chuid féin, agus aithníonn mo chuid féin mé,
Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”
Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.