Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
Matha 7:22 - An Bíobla Naofa 1981 Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i d'ainmse a rinneamar tairngreacht, agus i d'ainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i d'áinm a rinneamar mórán míorúiltí?’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i dʼainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i dʼainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i dʼainmse?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Déarfaidh mórán liom-sa ar an lá sin: A Thighearna, a Thighearna, an é nach ndearnamar fáidheadóireacht i d’ainm-se, agus nár theilgeamar amach deamhain i d’ainm, agus nach ndearnamar mórán míorbhailte i d’ainm? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i dʼainm-se a rinneamar tairngreacht, agus i dʼainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i dʼainm a rinneamar mórán míorúiltí?’ |
Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
Ísleofar an t‑uabhar daonna, tabharfar béim síos do dhíomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,
céalmhaine an té a chluineann briathar Dé. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D'imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór.
Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodom agus Ghomorá lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.
“Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.
Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A thiarna, a thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’
“Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m'Athar atá ar neamh.
Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t‑ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine,
Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach.
an lá úd nuair a thiocfaidh sé chun bheith faoi ghradam i measc a phobail naofa agus faoi mheas ag a gcreideann ann mar gur creideadh an fhianaise a thugamarna daoibh.
Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.
Sea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd - agus is fearr a fhios agatsa na agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.