Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Sea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd - agus is fearr a fhios agatsa na agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 go ndeona an Tiarna dó trócaire a bheith ag an Tiarna air an Lá úd—agus tá a dhea-fhios agat ar a ndearna sé de fhreastalacht san Eiféis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 (Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Go dtuguidh an Tíghearna dhósan trócaire dfághail ón Dtíghearna sa ló úd: agus atá a sháirfhios agadsa, créd é a mhéud do fhoir sé oram a Nephesus.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Is ea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd–agus is fearr a fhios agat-sa ná agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:18
26 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?”


ag déanamh trócaire mar sin ar ár n‑aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa -


de chionn trócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,


agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.


Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh.


ach ní thoileodh sé chuige. “Ach,” ar seisean agus é ag fágáil slán acu, “tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.” Chuir sé chun farraige ó Eifeasas


Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe


Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.


Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís,


beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách.


Ní gá dom aon ní a scríobh chugaibh faoin mbailiúchán i gcomhair na naomh.


Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn


Tar éis an tsaoil, cén t‑ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse?


Faoi mar a d'iarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,


Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.


Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesaforas, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé bheith i bpríosún,


is amhlaidh nuair a bhí sé sa Róimh, a chuaigh sé ar mo lorg go dícheallach nó gur aimsigh sé mé.


Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas.


Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.


Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.


Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí