Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i dʼainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i dʼainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i dʼainmse?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Déarfaidh mórán liom-sa ar an lá sin: A Thighearna, a Thighearna, an é nach ndearnamar fáidheadóireacht i d’ainm-se, agus nár theilgeamar amach deamhain i d’ainm, agus nach ndearnamar mórán míorbhailte i d’ainm?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i dʼainm-se a rinneamar tairngreacht, agus i dʼainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i dʼainm a rinneamar mórán míorúiltí?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i d'ainmse a rinneamar tairngreacht, agus i d'ainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i d'áinm a rinneamar mórán míorúiltí?’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:22
23 Tagairtí Cros  

Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.


Acht i dtaobh an lae sin, agus i dtaobh na h‐uaire sin, ní fhuil a fhios ag aon duine, fiú amháin ag na h‐ainglibh ar neamh, ná ag an Mac, acht ag an Athair amháin.


I n‐a dhiaidh sin tháinig na maighdeana eile, agus adubhradar, A Thighearna, a Thighearna, foscail dúinn‐ne.


Ní h‐é gach aoinneach adéarfas liom, A Thighearna, a Thighearna, rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas; acht an té do‐ghní toil m’Atar atá ar neamh.


Adeirim‐se libh gur sócamhlaighe do Shodom, an lá sin, ’ná do’n chathair sin.


Acht ní uaidh féin adubhairt sé sin: acht ó bhí sé ’n‐a árd‐shagart an bhliadhain sin, do thairngir sé go raibh Íosa chum bás d’fhágháil ar son an chinidh;


Acht, a bhráithre, ní fhuil sibh‐se san dorchacht, go dtiocfadh an lá úd oraibh mar thiocfadh gadaidhe.


nuair thiocfas sé chum glóir d’fhágháil ’n‐a naomhaibh, agus chum bheith mar adhbhar iongantais ag lucht an chreidimh an lá sin (ó creideadh ár bhfiadhnaise dhaoibh).


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd.


(Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis.


ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí