Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 7:19 - An Bíobla Naofa 1981

Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Gach crann nach dtugann toradh maith, gearrfar anuas é, agus caithfear san teinidh é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Gach crann nach dtugann toradh maith gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearrfar é agus curfar sa teine é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é.

Féach an chaibidil



Matha 7:19
13 Tagairtí Cros  

Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.


Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.


Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don drochchrann torthaí fónta a thabhairt.


Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”


Foghlaimíodh ár muintir nach mór dóibh bheith i mbun dea-oibreacha chun riar a gcáis a sholáthar agus gan bheith neamhthorthúil.


Ach más sceacha agus feochadáin amháin a thugann sé uaidh ní fiú dada é agus is gearr uaidh mallacht [Dé]; dá dheasca sin dófar é ar deireadh thiar.


Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;