Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh, an olc nó an maith a bheidh a bhearta.
Matha 7:16 - An Bíobla Naofa 1981 Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d'fheochadáin? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. An gcruinnítear fíonchaora ó chrann sceiche, nó figí ó dhosanna fothannán? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara As a dtortha a chuirfeas sibh aithne ortha. An gcruinnigheann daoine caora fíneamhna de dhreasógaí, nó fígí de fhothannáin? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad. An mbailightear caora fíneamhna de’n driseach, nó figí de na feochadánaibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ó n-a dtorthaíbh iseadh dh’aithneóchaidh sibh iad. An mbaintear caora fíneamhna de dhriseach nó fígí d’ fheóchadánaibh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó figí dʼfheochadáin? |
Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh, an olc nó an maith a bheidh a bhearta.
Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.
Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,
Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.
An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.
Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.