Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 24:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Mar a deir seanfhocal na nársanta, Thig an tolc ón drochdhuine: achd ní bheanfa mo lámhsa riotsa.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 24:13
8 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”


Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: “Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d'fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.”


“Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di.


Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.


Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad.


Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n‑aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí