ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Matha 6:18 - An Bíobla Naofa 1981 agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag d'Athair atá i láthair faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice dʼAthair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chun nach bhfeicthear do dhaoine, acht do d’Athair atá i bhfolach, thú a bheith ag déanamh troscaidh; agus d’Athair, atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus nigh t’aghaidh; i dtreo nach bhfeicfidh na daoine go bhfuilir id’ throscadh, acht go bhfeicfidh t’Athair, atá fá cheilt, thú: agus t’Athair do‐chí a bhfuil fá cheilt, cúiteochaidh seisean leat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag dʼAthair atá i láthair faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat. |
ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d'aidhm againn ach é a shásamh.
d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.
Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta,