Matha 4:9 - An Bíobla Naofa 1981 “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ar seisean leis, “Bronnfaidh mé iad seo uile ort, ach tú titim síos agus mé a adhradh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt leis: Bhéarfaidh mé iad seo uilig duit, má shléachtann tú damh, agus mé d’adhradh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhairt sé leis, Do‐bhéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléachtadh dhom, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ris, Do bhéaruidh mise iád so uile dhuit, má shléachdann tú dhamh dom onórughadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do mʼadhradh.” |
agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d'airgead geal.
Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.
ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,
Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige ormsa.
i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.
is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.
Caithfidh sé gan bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin.
Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”
Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”