Ach anois, ó tá mé san fhaopach cruinníonn siad faoi áthas. Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh, ‘s iad ag tromaíocht gan scíth orm.
Matha 27:44 - An Bíobla Naofa 1981 Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí na gadaithe a bhí á gcéasadh ina chuideachta ag fonóid faoi ar an modh céanna. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thug na gadaidhthe, a céasadh i n-aoinfheacht leis, an masla céadhna dó. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus na bitheamhnaigh do bhí d’á gcéasadh mar aon leis, thugadar‐san an masla céadna dhó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tugadar na gaduighthe, do chrochadh maráon ris, an scannail chéadna dhó. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus na bitheamhnaigh a bhí céasda i n-aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad dá aithisiú mar an gcéanna. |
Ach anois, ó tá mé san fhaopach cruinníonn siad faoi áthas. Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh, ‘s iad ag tromaíocht gan scíth orm.
Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.
Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.
Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: “Is ormsa a thit aithisí na ndaoine a bhí do d'aithisiú.”
Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.