Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
Matha 27:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d'airgead geal ar ais d'uachtaráin na sagart agus do na seanóirí, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn dʼairgead ar ais chuig na hardsagairt, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin nuair a chonnaic Iúdas, a bhraith é, gur daoradh é, ghlac sé aithreachas, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid thar ais chuig uachtaráin na sagart agus chuig na seanóirí, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin, ar n‐a fheicsin do Iúdás, an té do bhraith é, go raibh sé daortha, do ghabh aithreachas é, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid ar ais d’uachtaránaibh na sagart agus do na seanóiribh, g‐á rádh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin mar do chonnairc Iúdas, do bhraith é, gur damnuigheadh é, do ghabh aithreachas e, agus do aisig sé na deich bpiósa fhithchead airgid do na hárdsasgartuibh agus do na sinnsearuibh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiribh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa dʼairgead geal ar ais dʼuachtaráin na sagart agus do na seanóirí, |
Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t‑úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh.
“Caith isteach i gciste an Teampaill é,” arsa an Tiarna liom, “an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.” Ansin thóg mé an tríocha píosa d'airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna.
Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -
Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!”
Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.
Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.
Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.