Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 26:21 - An Bíobla Naofa 1981

Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, go bhfeallfaidh duine agaibh ormsa.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus le linn dóibh a bheith ag ithe, dubhairt sé: Amén adeirim libh, go bhfuil duine agaibh ar tí mé a bhrath.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus le linn dóibh bheith ag ithe, adubhairt sé, Adeirim libh go fírinneach, go mbraithfidh duine agaibh‐se mé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, go mbraithfi fear dhíbh misi.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a bhíodar ag ithe, dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh go bhfuil duine agaibh atá chun mé dhíol.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus le linn dóibh a bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.”

Féach an chaibidil



Matha 26:21
11 Tagairtí Cros  

“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.”


Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?”


“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’


Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”


D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.


Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.


agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.