Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
Matha 25:9 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b'fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dʼfhreagair na hógha céillí, ‘Bʼfhéidir nach mbeadh go leor ann dúinne agus daoibhse; is fearr daoibh dul chuig na ceannaithe agus a ceannach daoibh féin.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara D’fhreagair an chuid chríonna, agus dubhairt: Ar eagla nach mbéadh go leor ann dúinne agus díbh-se, b’fheárr díbh dul chuig na ceannaidhthe, agus ceannach díbh féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’fhreagair an dream ciallmhar, agus adubhradar, Do b’fhéidir nach mbéadh ár ndóthain ann dúinne agus daoibh‐se: do b’fhearr daoibh dul chum na gceannaidhe, agus cuid do cheannach dhaoibh féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do fhreagradar an chuid glic, ag rádin, Ar eagla nach mbiadh ar sáidh aguinn féin agus aguibhsi: imdhighsi ní as táosga chum na gceannuightheadh, agus ceannchuighe ola dhíbh féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh’imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibh-se, bʼfhearr daoibh-se dul go dtí lucht a díolta dá ceannach daoibh féin.’ |
Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n‑olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:
Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí.