Matha 25:18 - An Bíobla Naofa 1981 Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht d’imthigh an té a fuair an t-aon cheann, thochail sé san talamh, agus chuir sé airgead a tighearna i bhfolach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht an té fuair an aon talann amháin, d’imthigh sé agus do thochail sé poll sa talamh, agus do chuir sé airgead a thighearna i bhfolach ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do imthigh an té úd fúair a náon tallunn, agus do rinne sé tochuilt ann sa talamh, agus do fholuigh sé airgead a thighearna ann. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach an t-é a fuair an t-aon talant amháin d’imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airgead a thighearna i bhfolach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. |
“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.
Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo.
Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín.
Níor mhaith linn go n‑éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n‑oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.
Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n‑aithne ar ár dTiarna Íosa Críost.