“Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.
Matha 25:14 - An Bíobla Naofa 1981 “Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Mar beidh sé mar fhear ag dul ar aistear a ghlaoigh ar a sheirbhísigh agus a chuir cúram a mhaoine uile orthu; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir amhail duine a bhí ag dul i bhfad ó bhaile, ghoir sé chuige a sheirbhísigh, agus roinn sé a mhaoin ortha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is amhlaidh atá, mar do bhéadh duine, do ghlaodh chuige a searbhóntaí, ag imtheacht ar aistear dó, agus thug a mhaoin dóibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ata ríochd neimhe amhuil as do ghoir duine ag dul a gcoigcrích, a shearbhfhoghantuidhe chuige, agus tug sé a shaidhbhreas dóibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; |
“Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.
Is é dála duine é a d'fhág a theach agus a d'imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t‑údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d'ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.
Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.
Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:
Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,