Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 3:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Cad é rud é Apollós? Cad é ní é Pól? Seirbhísigh iad ar tháinig sibh chun creidimh tríothu, mar a leag an Tiarna amach do gach duine acu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirbhísigh tré n‐ar chreideabhar; gach duine aca do réir mar thug Dia dhó é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Oír cía hé Pól? Agus cía hé Apollos, achd na mínisdrí tré ar chreideabhair, agus do réir mar tug an Tighearna do ghach áoinneach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Céard é Apallós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 3:5
30 Tagairtí Cros  

thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile - do gach duine de réir an chumais a bhí ann - agus d'fhág an tír.


de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;


D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.


Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.


Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe


bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n‑íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.


San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n‑aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.


Maidir lenár mbráthair Apollós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.


De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t‑ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,


Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht - is libhse iad uile,


Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t‑uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.


Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de m'ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm.


An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir - ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.


Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.


mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.


Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche.


Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.


Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.


Is é Dia a thug an t‑iomlán i gcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d'fhág an t‑athmhuintearas ina chúram orainne.


Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.


ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró;


Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díomsa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin.


Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.


Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:


Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,


Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí