na ceardaithe oilte a bhí i mbun gach sórt oibre ar an sanctóir, d'fhágadar, gach fear a chúram féin,
Matha 24:45 - An Bíobla Naofa 1981 Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cé h-é, dar leat, an seirbhíseach dílis críonna, ar chuir a thighearna ós cionn a theaghlaigh é, le biadh a thabhairt dóibh i dtráth? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin cía a tá na óglach fhírinneach ghlic, noch do chuir a thighearna ós cionn a mhuinntíre, do thabhair bídh dhóibh na am féin? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaithe a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth? |
na ceardaithe oilte a bhí i mbun gach sórt oibre ar an sanctóir, d'fhágadar, gach fear a chúram féin,
Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.
Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic, ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.
“A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?
Dúirt sé liom ansin: “Seo iad na cistineacha ina mbruithfidh lucht freastail an Teampaill íobairtí an phobail.”
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:
Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”
Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”
Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,
An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.
Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí;
Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.
D'fhreagair saoiste na meithle: “Sin í an cailín Móábach a tháinig ar ais le Náoimí ó thír Mhóáb,