Matha 24:12 - An Bíobla Naofa 1981 De dheasca an t‑olcas a bheith ag fás, fuarfaidh an grá ag a lán. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ó rachaidh an t‑olc i méid, fuaróidh an grá sa chuid is mó de na daoine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus de bhrígh gur mhéaduigh ar an urchóid, fuaróchaidh carthannacht mhórán daoine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus de dheascaibh na cuirptheachta bheith ag dul i méid, fuaróchaidh carthannacht móráin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus toisg an mhalluightheacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n-a lán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 De dheasca an t-olcas a bheith ag fás, fuarfaidh an grá ag a lán. |
Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.
Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.