Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 23:29 - An Bíobla Naofa 1981

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe agus maisíonn sibh leachta cuimhneacháin na bhfear fíréan,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha: a thógas tuambaí na bhfáidh agus a mhaisigheas leachta na bhfíréan,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus maisigheann sibh leachta na bhfíréan,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe, agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! oír do nithí túamuidhe do na fáidhibh, agus deaghmhaisighthí leachduighe na bhfíréanach,

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Is mairg daoibh, a Sgríbhneóiri agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan,

Féach an chaibidil



Matha 23:29
5 Tagairtí Cros  

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.


Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d'olcas.


ag rá: ‘Dá mbeimisne suas in aimsir ár n‑aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.’


“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.