Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 23:25 - An Bíobla Naofa 1981

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d'ainmheasarthacht.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar glanann sibh an taobh amuigh den chupán agus den phláta, agus bíonn an taobh istigh lán de shaint agus de chraos.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis: acht taobh istigh tá sibh lán de chreachadóireacht agus de neamhghlaine.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis, agus iad lán de shainnt agus d’ainmheasaracht ar an taobh istigh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

As anáoibhinn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír glantáoi an chuid a muigh do chupán agus do mhéis, achd a táid síad táobh a sdigh lán do shracaireachd agus déagcóir.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus dʼainmheasarthacht.

Féach an chaibidil



Matha 23:25
6 Tagairtí Cros  

Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”


An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia,