“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,
Matha 23:18 - An Bíobla Naofa 1981 Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus: má mhionnuigheann aoinneach dar an altóir, ní dadamh é; acht an té a mhionnóchas dar an tabhartas atá uirthí, tá ceangal air. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus, Cibé dhearbhóchas dar an altóir, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar an íodhbhairt atá uirthi, atá ceangal air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, Gidh bé duine bhéaras a naltór mar mhionna, ni bhfuil éfeachd ann; achd gidh bé duine bhéaras an tiodhlacadh atá uirrthe mar mhionna, do ní sé coir. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’ |
“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,
Nuair a thugann duine móid, nó nuair a thugann sé geall faoi bhrí na mionn, ná briseadh sé a fhocal; cibé rud a gheall sé le focal béil, comhlíonadh sé é.
“Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’
A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t‑ór féin nó an sanctóir faoi deara an t‑ór a bheith naofa?
A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa?
Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’,
Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeallghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine.