Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
Matha 23:17 - An Bíobla Naofa 1981 A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t‑ór féin nó an sanctóir faoi deara an t‑ór a bheith naofa? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) A amadána na daille! Cé acu is mó, an t‑ór nó an teampall a naomhaigh an t‑ór? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara A dhobhrána dalla: cé acu is mó, an t-ór, nó an teampall a naomhuigheas an t-ór? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) A bhreallána dalla: cia aca is mó, an t‐ór, nó an teampall naomhuigheas an t‐ór? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dháoine leamha agus dalla: an mó an tór, ná an teampoll náomhas an tór? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-ór? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t-ór féin nó an sanctóir faoi deara an t-ór a bheith naofa? |
Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’
A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa?
Óir is d'aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu,