“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
Matha 22:40 - An Bíobla Naofa 1981 Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is ar an dá aithne seo atá an dlí uile agus na fáithe bunaithe.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is ar an dá aithne seo atá seasamh an dlighe go h-iomlán agus na bhfáidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an dá aithne sin is eadh sheasas an dlighe uile, agus na fáidhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.” |
“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”
Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”
Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.
Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.