“A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’
Matha 22:25 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí, inár meascna, seachtar dearthár. Phós an chéad duine acu agus fuair bás gan sliocht, ag fágáil a mhná ag a dheartháir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhí seachtar deartháir inár measc; agus phós an chéad deartháir agus fuair sé bás, agus ó nach raibh aon chlann aige dʼfhág sé a bhanchéile dá dheartháir. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Bhí seachtar dearbhráithreach i n-ár measc; agus phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás: agus mar nach raibh sliocht aige, d’fhág sé a bhean ag a dhearbhráthair. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ’n‐ár measc: agus do phós an chéad duine bean, agus fuair sé bás, agus ó’s amhlaidh nach raibh aon chlann aige, d’fhág sé a bhean ag a dhearbhráthair; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhádar móirsheisear dearbhráthar eadrainne: agus tar éis mná do thabhairt don chéad duine, fúair sé bás, agus an tan nach raibh sliochd aige, do fhágaibh sé a bhean agá dhearbhráthair: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bhí i n-ár measg-ne mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith air, d’fhág sé a bhean agá dhritháir; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí, inár meascna, seachtar deartháireacha. Phós an chéad duine acu agus fuair bás gan sliocht, ag fágáil a mhná ag a dheartháir. |
“A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’
Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.