Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
Matha 22:14 - An Bíobla Naofa 1981 Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is iomaí duine a fhaigheann cuireadh ach is beag duine a thoghtar.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní fhuil toighte acht beagán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir atá glaoidhte ar mhórán, acht ní fhuil toghtha acht beagán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír atá mórán ar na ngairm, agus beagán ar na dtogha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní’l toghtha ach beagán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.” |
Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.
óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.
Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche.
Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”