Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Agus murab é gur giorraíodh na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann slán; ach giorrófar na laethanta úd mar mhaithe leis an dream tofa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus muna ngiorruighthí na laethe sin, ní bhéadh feoil ar bith sábháilte, acht mar gheall ar na fíréin, giorróchar na laethe sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus muna mbéadh gur giorruigheadh na laethe sin, ní fuasclóchaidhe aon duine beo: acht ar son na bhfíréan toghtha giorróchar na laethe sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus muna ngearruighthi na laéthe úd, ní rachadh féoil ar bith as: achd gearrfuighthear na laéthe úd ar son na ndáoine toghtha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus mura gciorruightí na laethanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son na bhfíoraon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:22
13 Tagairtí Cros  

agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”


Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,” a deir Tiarna na Slua, “go gciorrófar agus go ndísceofar dhá thrian den phobal, ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.


Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.


Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.”


óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.


Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”


Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta.


Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?


ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu,


Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.


Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí