Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”
Matha 21:43 - An Bíobla Naofa 1981 “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Insím daoibh dá bhrí sin go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar í do náisiúin a bhéarfas na torthaí is dual di.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, deirim libh, bainfear ríoghacht Dé uaibh-se, agus bhéarfar í do chineadh a bhéarfas a toradh uatha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Go dtoigéobhthar rioghachd Dé úaibhsi, agus go dtiobharthar í so chineadh bhéara toradh úatha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear Ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh. |
Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”
Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas,
Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna, mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach, mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach; agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.
Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh cheana.
Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”
Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?
Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”
D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.