Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá, tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom.
Matha 21:40 - An Bíobla Naofa 1981 Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a thiocfas an té ar leis an fíonghort mar sin, cad é a dhéanfaidh sé leis na tionóntaí úd?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, nuair a thiocfas tighearna an fhíonghuirt, cad é dhéanfas sé leis na feirmeoirí sin? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an adhbhar sin, nuair thiocfas tighearna an fhíonghuirt, créad do‐ghéanaidh sé leis na scológaibh sin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin an tráth thiocfas tighearna na fíneamhna, créud do dhéana sé ris na sgológaibh úd? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt, cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?” |
Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá, tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom.
Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.
Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”
Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?