Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna.
Matha 21:12 - An Bíobla Naofa 1981 Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuaigh Íosa isteach i dteampall Dé agus thiomáin sé amach as an teampall gach uile dhuine a bhíodh ag ceannach nó ag díol ann, agus chaith sé bun os cionn na boird a bhí ag lucht díolta na gcolm. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus thiomáin sé amach a raibh ag díol agus ag ceannach san teampall, agus leag sé táblaí na malartóirí airgid agus cathaoireacha lucht díolta na gcolmán: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus do ruaig sé amach iad‐san do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus do leag sé ar lár búird lucht malairte an airgid, agus suideacháin na ndaoine do bhí ag díol colm; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chúaidh Iósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ceannach annsa teampoll, agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithreacha luchd reactha na gcolum, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag ceannach, agus do leag sé búird lucht airgid do shóinseáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. |
Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna.
Más éanlaith a bheidh le huileloscadh aige mar íobairt don Tiarna, tugadh sé a ofráil de choilm nó de ghearrcaigh cholúir.
Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d'iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca.
Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.”
agus dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir - más acmhainn dó iad - ceann d'íobairt pheaca, agus ceann eile don uileloscadh.
Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad.
Ar an ochtú lá faigheadh sí dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir agus tugadh sí léi chun an tsagairt iad ag doras Bhoth na Teagmhála.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag.
agus chun go n‑ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”
Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.