Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 5:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus muna ttí dhé úan do thabhairt leis, annsin do bhéura sé dhá cholum túrtuire les ar son an pheacuidh do rinne sé, nó dhá cholum óga chum an TIGHEARNA; áon mar ofráil pheacaidh, agus an dara mar ofráil loiscthe.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 5:7
24 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d'iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca.


Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.”


Agus dála an dá cholm nó an dá ghearrcach colúir, más acmhainn dó iad,


déanadh sé íobairt pheaca le ceann díobh agus íobairt uileloiscthe leis an gceann eile mar aon le habhlann, de réir a acmhainne. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh ag an sagart i láthair an Tiarna ar son an duine atá le glanadh.


Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di i láthair an Tiarna ar an gcuma sin, ar son an sceite a d'fhág neamhghlan í.


“Faigheadh sé dhá phocán gabhair d'íobairt pheaca agus reithe do íobairt uileloiscthe ó chomhthionól chlann Iosrael.


Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.


Mura bhfuil sé d'acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.


Seo é gnás an íobairt chúitimh: Tá sí seo sárnaofa.


Ansin abair le clann mhac Iosrael: ‘Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:


“Abair le clann Iosrael: Má dhéanann fear nó bean aon cheann de na peacaí trína bhfeallann duine ar an Tiarna, tá an duine sin ciontach.


Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála.


Ofráladh an sagart ceann díobh mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt loiscthe, agus comhlíonadh sé ansin gnás an leorghnímh ar son na truaillitheachta a luigh air de bharr an chorpáin. Déanadh sé a cheann a choisreacan an lá céanna;


“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.


Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol.


An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.


agus chun go n‑ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”


Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí