Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 12:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d'iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a nuáir choimhlíontar láethe a glanta, ar son mic, nó inghine, do bhéura sí úan don chéidbhliadhuin, agus colum óg no éun turtuir, mar ofráil pheacaidh, go dorus thabernacuil an chomhchruinnigh, chum an tsagairt.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 12:6
15 Tagairtí Cros  

“Tabhair dom,” ar sé, “bearach trí bliana, minseach trí bliana, reithe trí bliana, colúr, agus colm óg.”


“Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa.


Más iníon a bheireann sí, bíodh sí neamhghlan ar feadh coicíse, mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa; caithfidh sí fanacht sé lá agus trí fichid eile i bhfuil a híonghlanta.


Déanadh an sagart an ofráil seo i láthair an Tiarna, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh di, agus ansin beidh sí glan óna fuiliú. Sin é an dlí don bhean a bheireann mac nó iníon.


agus dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir - más acmhainn dó iad - ceann d'íobairt pheaca, agus ceann eile don uileloscadh.


Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad.


Ar an ochtú lá faigheadh sí dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir agus tugadh sí léi chun an tsagairt iad ag doras Bhoth na Teagmhála.


Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála.


Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna -


Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.


Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d'fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.


Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí