Matha 19:6 - An Bíobla Naofa 1981 Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, ní dhá cholainn iad feasta, acht aon cholann. An nídh, mar sin, a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Uime sin, ní beirt iad feasta, acht aon fheoil amháin. D’á bhrigh sin, an nidh do cheangail Dia, ná scaoileadh duine é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.” |
Fiafraíonn sibhse, áfach: “Cad chuige sin?” De bhrí go raibh an Tiarna ina fhinné idir tusa agus an bhean a bhí mar chéile agat ó d'óige, an bhean a bhfuil tú tar éis feall a dhéanamh uirthi ainneoin gurbh í do chara cléibh agus do chéile conartha í.
Má chuireann fear a bhean chéile uaidh toisc gur gráin leis í, smearann sé a chuid éadaigh le foréigean; mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná bígí mídhílis, a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael.
agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’
Dúirt siad leis: “Cén fáth, más ea, ar ordaigh Maois litir idirscartha a thabhairt le linn í a scaoileadh?”
An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir.
Go deimhin, tá d'fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá.
Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.