Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 19:24 - An Bíobla Naofa 1981

Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Insím daoibh arís, gur fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus deirim libh arís: Is fusa do chamall dul fríd chró snáthaide, ná do fhear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adeirim arís libh, Is fusa do chamall gabháil tré chró snáthaide, ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a rís a deirim ribh, Gur ab usa do chámhall dul tré chró na snáthuide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach go flaitheamhnus Dé.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus táim dá rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.”

Féach an chaibidil



Matha 19:24
9 Tagairtí Cros  

An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?


Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: “Cé is féidir a shlánú más ea?”


Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”


A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.


Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”


D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”


D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.


Conas a b'fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.