Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 19:23 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt Íosa le n-a dheisciobail: Amén adeirim libh, go mbéidh sé deacair ag fear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach adeirim libh, Is ar éigean a rachas duine saidhbhir isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dubhairt Iósa ré na dheisciobluibh, A deirim ribh go fírinneach, gur ab docomhlach rachas duine saidhbhir a steach a ríoghachd neimhe.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i Ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil



Matha 19:23
25 Tagairtí Cros  

An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé; ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.


An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.


agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche.


Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus d'imigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.


Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.


Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.


Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: “Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!”


Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!


D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”


D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.


ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”


Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal.


Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?