Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Matha 19:15 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé a lámha orthu agus bhuail sé roimhe ón áit sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus leag sé a lámha orthu, agus dʼimigh sé as sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d’imthigh sé as an áit sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé a lámha ortha, agus d’imthigh sé ó’n áit sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tar éis a lámha do chur ortha, do imthigh sé as sin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d’fhág sé an áit sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé a lámha orthu agus bhuail sé roimhe ón áit sin. |
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Dúirt Íosa: “Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.”
Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?”
Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamhghlan - ach tá siad naofa dáiríre.
agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.