Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”
Matha 19:10 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt na deisceabail leis: “Más amhlaidh sin atá an scéal ag an bhfear i leith na mná, is fearr gan pósadh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt na deisceabail leis, “Más amhlaidh an scéal dʼfhear agus dá bhanchéile, is fearr gan phósadh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir a dheisciobail leis: Má’s amhlaidh cás an fhir le n-a mhnaoi, ní maith an rud pósadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt na deisceabail leis, Má’s é sin an cás ag fear i dtaobh mhná, do b’fhearr gan póshadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deirid a dheisciobuil risean, Ma sé sin is cor don fhior ré na mhnáoi, ní maith an posadh ré a dhéanamh Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt a dheisgiobuil leis: Má’s mar sin atá an sgéal ag duine i dtaobh a mhná, ní maith an rud pósadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt na deisceabail leis: “Más amhlaidh sin atá an scéal ag an bhfear i leith na mná, is fearr gan pósadh.” |
Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”
An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.
Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha.
Ach deirimse libh, duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus nach de dheasca striapachais é, agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.”
Is é a deirim leis na daoine single agus leis na baintreacha go mb'fhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin.
Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.