Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 18:6 - An Bíobla Naofa 1981

Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

ach an té a thugas ábhar peaca dʼaon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreideas ionam, bʼfhearr dó cloch mhór mhuilinn á crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht an té a bhéarfas scainneal d’aoinneach de na rudaí beaga seo a chreideas ionnam-sa, b’fheárr dó dá gcrochtaí bró asail fá n-a mhuinéal, agus a bháthadh i nduibheagán na fairrge.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

glacann sé mise: acht cibé duine thiubhras scannal d’aoinneach de na rudaibh beaga so chreideas ionnam‐sa, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch mhór muilinn ar a mhuineál, agus go mbádhfaidhe é i ndoimneacht na fairrge.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus gidh bé neach bhéaras oilbhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fan a mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, bʼfhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.

Féach an chaibidil



Matha 18:6
16 Tagairtí Cros  

“Ná leomhadh sibh baint le m'ungthaigh; ná déanaigí dochar do m'fháithe.”


“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.


agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.


Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”


“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.


Mar an gcéanna, ní hé toil i láthair bhur nAthar atá ar neamh go gcaillfí aon duine amháin de na rudaí beaga seo.


Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise.


“Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige.


“Cé thú féin, a Thiarna?” d'fhiafraigh Sól. D'fhreagair an guth: “Is mise Íosa, an té a bhfuil tú á ghéarleanúint.


Séard ab fhearr a dhéanamh gan feoil a ithe ná fíon a ól ná gníomh ar bith a dhéanamh a bheadh ina chúis tuisle (nó scannail nó laige) do bhráthair.