Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
Matha 18:15 - An Bíobla Naofa 1981 “Má dhéanann do bhráthair peaca i d'aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Má pheacaíonn do bhráthair i dʼaghaidh, gabh chuige agus inis a locht dó, gan aon duine ann ach amháin tusa agus eisean. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair gnóthaithe agat. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht má chionntuigheann do bhráthair i d’aghaidh, imthigh, agus ceartuigh é eadar thú féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, béidh do bhráthair buaidhte agat. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus má pheacuigheann do bhráthair id’ aghaidh, imthigh, agus ceartuigh é idir thú féin agus é féin: má éisteann sé leat, atá do bhráthair buaidhte agat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach má dheineann do bhráthair beart ad’ choinnibh, imthigh agus cómhairligh é idir thu féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair buaidhte agat. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Má dhéanann do bhráthair peaca i dʼaghaidh, gábh chuige dá áiteamh air is gan ann ach é agus tú. |
Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].
Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin.
Mar an gcéanna, ní hé toil i láthair bhur nAthar atá ar neamh go gcaillfí aon duine amháin de na rudaí beaga seo.
Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n‑uaire?”
Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”
Ná faigheadh an t‑olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith.
Nuair a pheacaíonn sibh in aghaidh bhur mbráithre ar an gcuma sin agus a gcoinsias lag a ghonadh, is in aghaidh Chríost a dhéanann sibh an peaca dáiríre.
Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach d'fhonn bhur ndílseacht domsa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé.
A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis.
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.
gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n‑agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.
An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach.
Mar an gcéanna libhse, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban,