Matha 18:11 - An Bíobla Naofa 1981 “Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tháinic Mac an Duine a shábháil an nídh a bhí caillte. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír táinic Mac an duine do shabháil an neither do chúaidh a mugha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir do tháinig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú. |
D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”
“Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí?
Chuala sé iad agus dúirt: “Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne.
óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.
ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ ”
Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.
Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.
Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.
Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,