Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.
Matha 15:21 - An Bíobla Naofa 1981 Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼimigh Íosa as an áit úd agus tharraing sé i leataobh go dúiche Thior agus Shiodóin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar imtheacht as sin do Íosa, chuaidh sé isteach go críocha na Tiora agus na Sídoine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus do chuaidh sé isteach i gcríochaibh Thuire agus Shídóine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndul Diósa as sin, do chúaidh sé go leithimlibh Thírus agus Shídon. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shiodón. |
Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.
Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d'ordaigh mé duit.
Níor dhíbir Áiséar lucht Acó amach, ná lucht Shíodón, ná lucht Achláb, ná lucht Aiczíb, ná lucht Aifíc, ná lucht Rachob.